Tosú

Nuair a bheidh stáisiún aimsire agus bogearraí agat mar a mholtar anseo, ní mór duit rogha a dhéanamh maidir le conas a chuirfidh tú do thomhais chuig an mbunachar WOW.

Tríd an ngréasán / guthán póca / taibléad:

Seolann an stáisiún aimsire d’fhaisnéisí chuig WOW trí gréasán wifi gan sreang. Déantar an tsuiteáil de ghnáth trí bhogearraí i bhfoirm aipe nó trí chlár breisithe gréasánbhunaithe.

Tríd an ríomhaire:

Ceanglaítear an stáisiún aimsire le do ríomhaire trí USB. Nascann an ríomhaire leis an idirlíon agus seolann bogearraí atá comhoiriúnach le WOW d’fhaisnéisí go huathoibríoch. Ionas go dtarlóidh sé sin, is gá go mbíonn an ríomhaire ar siúl. Is féidir bulc-uaslódáil a dhéanamh le d’fhaisnéisí WOW.

Tríd an micriríomhaire:

Bíonn an stáisiún aimsire nasctha le do mhicriríomhaire trí USB, gan sreang i gcásanna áirithe. Nascann an ríomhaire leis an idirlíon agus seolann bogearraí atá comhoiriúnach le WOW d’fhaisnéisí go huathoibríoch. Is gá go mbeidh an micriríomhaire ar siúl ach ní bhíonn i gceist ach leibhéal íseal d’ídiú fuinnimh.

Tuilleadh eolais le fáil ó shuíomh gréasáin WOW na Ríochta Aontaithe anseo.

Láithreán an Stáisiúin Aimsire

Más féidir in aon chor, ba cheart go mbeadh stáisiúin aimsire lonnaithe i lár limistéir ré oscailte. Féadfaidh sé a bheith deacair, áfach, an laithreán iomlán ceart a fháil chun do stáisiún aimsire príobháideach a lonnú. Ach má chomhroinneann tú sonraí maidir le hoscailteacht do stáisiúin aimsire nuair atá do shuíomh ar WOW á bhunú agat, is féidir fadhbanna lonnaithe a chur san áireamh ansin, rud a chinnteoidh go mbeidh na sonraí níos áisiúla do dhaoine eile.

Do Stáisiún Aimsire a chlárú ar an mbunachar WOW

Nuair a bheidh do stáisiún aimsire suiteáilte, ag obair agus na bogearraí atá comhoiriúnach le WOW íoslódáilte, ní mór duit cuntas a bhunú ar leathanach clárúcháin WOW na Ríochta Aontaithe. Tá na sonraí ar fáil ar an Leathanach Cláraithe/Logála Isteach anseo.

Déanfar do stáisiún aimsire a ghrádú de réir Thréithe an Láithreáin seo.

Nóta: Déan an Ceadchomhartha Fíordheimhniúcháin agus Aitheantas an Láithreáin arna nginiúint ag deireadh an phróisis Clárúcháin Láithreáin a thaifeadadh ar do chuntas WOW. Iontráil na sonraí seo ar na bogearraí atá comhoiriúnach le WOW chun an córas a chumasú chun faisnéisí aimsire a sheoladh chuig an ngréasán WOW. Nuair a bheidh an stáisiún uaslódáilte ar an mbunachar WOW, beidh sé le feiceáil ar an léarscáil ar WOW-IE i ndiaidh cúpla uair an chloig.