Séanadh

Léiríonn WOW-IE sonraí ó thríú páirtithe ón ngréasán WOW, ar córas é chun sonraí aimsire poiblí a chomhroinnt. Is í Oifig Meitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe a bhainistíonn an suíomh gréasán WOW. Chun teacht ar ghnáth-théarmaí WOW maidir le húsáid agus i ndáil le sonraí pearsanta a bhainistiú, téigh go Rannóg Dlí na hOifige Meitéareolaíochta www.metoffice.gov.uk/about-us/legal.

Is córas trialach é WOW agus ní foinse oifigiúil de shonraí meitéareolaíoch in Éirinn é. Bionn Met Éireann páirteach i sonraí ón gcóras WOW a léiriú trí an tairseach WOW-IE. Faoi láthair, is an-teoranta iad na féidearthachtaí chun sonraí a bhailíochtú. Ní rialaíonn Met Éireann na faisnéisí seo agus ní féidir leis infhaighteacht, cáilíocht nó iomláine na bhfaisnéisí a rathú.

Cuirtear WOW-IE ar fáil “mar atá sé”, gan rathú ar bith a thabhairt maidir le ceartúchán, úsáid ná cruinneas chun críocha ar bith eile seachas na críocha ar ceapadh é. Ní glacann Met Éireann le dliteanas ar bith as earráid nó easnamh a bheith sna sonraí, as infhaighteacht na sonraí, nó as aon caillteanas nó damáiste a eascraíonn as a n-úsáid.