Fáilte go WOW

Sheol seirbhís aimsire Oifig Meitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe an suíomh gréasáin WOW in 2011 agus é mar aidhm aici seirbhís ghréasáin shaor in aisce a chruthú chun deis a thabhairt do bhreathnóirí aimsire a bhfaisnéisí aimsire a thuairisciú. Is bunachar é WOW freisin ar a stóráiltear sonraí na bhfaisnéisí aimsire uile. Déanann an Oifig Meitéareolaíochta é a bhainistiú agus ón am ar cuireadh tús leis, tá breis agus 10,000 stáisiún aimsire i 220 tír tar éis breis agus billiún faisnéis aimsire a thuairisciú air.

Tá WOW-IE ina chuid de choiste boird idirnáisiúnta WOW. Is iad seo a leanas na baill eile de na Seirbhísí Meitéareolaíochta Náisiúnta agus seo chugat na naisc chuig a suíomhanna gréasáin WOW An Ríocht Aontaithe, An Nua-Shéalainn, An Astráil, An ísiltír, An Bheilg, An tSualainn.

Ach tá níos mó i gceist le WOW-IE ná sonraí a bhailiú agus a chomhroinnt. Tugann WOW eolas aimsire do Met Éireann faoi áiteanna nach ndéanaimid an aimsir a thomhas.

Is é an t-aon suíomh gréasáin amháin a léiríonn ar leárscáil eolas faoi na cúinsí aimsire reatha agus cúinsí aimsire atá imithe thart ag stáisiúin aimsire Met Éireann ar fud na tíre.

Is áis iontach é WOW-IE le haghaidh oideachais aimsire agus molaimid do scoileanna stáisiúin aimsire a shuiteáil agus nasc a chruthú le WOW-IE.

Trí bheith páirteach sa ghréasán WOW, cuirtear do thomhais ar fáil do ghrúpa mór úsáideoirí ionchasacha a mbainfidh tairbhe astu. Os a choinne sin, bíonn rochtain ag scoileanna ansin ar fhaisnéisí uile an ghréasáin.

Chun a bheith páirteach sa ghréasán WOW, is gá stáisiún aimsire atá comhoiriúnach le WOW a fháil, chomh maith le nasc idirlín a bheith ar fáil, agus cuntas úsáideora a chruthú leis an Oifig Meitéareolaíochta. Tá tuilleadh sonraí le fáil ar an roghchlár ‘Oideachas’ agus ar an roghchlár ‘Seol Isteach Sonraí’. Seoltar d’fhaisnéisí chuig bunachar WOW na hOifige Meitéareolaíochta agus léirítear ansin iad ar an léarscáil ar www.met.ie, mar aon le faisnéisí aimsire ó na stáisiúin oifigiúla. Seol isteach d’fhaisnéisí aimsire agus bíodh an t-eolas ar fad agat maidir leis an aimsir i d’áit chónaithe.