Eolas faoi Shuíomh Gréasáin na bhFaisnéisí Aimsire

Deireadh ag teacht le líonra óstála WOW in 2026

Tá nuashonrú tábhachtach againn maidir le Suíomh Gréasáin na bhFaisnéisí Aimsire (WOW). Tar éis breis is deich mbliana ag tacú le breathnuithe aimsire sluafhoinsithe agus le heolaíocht saoránach, cuirfidh Oifig Meitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe tús le deireadh a chur le WOW i mí Eanáir, agus tá díchoimisiúnú iomlán beartaithe faoi dheireadh 2026. Tá postálacha is déanaí ó 'Cartlann Blaganna' ar fáil.
Tá an líonra WOW á óstáil agus á bhainistiú ag Oifig Meitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe ó bunaíodh in 2011 é.

Chuaigh Met Éireann i gcomhpháirtíocht le hOifig Meitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe chun sonraí ár stáisiún aimsire a sheoladh chuig WOW, agus chun API WOW a úsáid.  In 2019 sheol Met Éireann suíomh gréasáin Éireannach, WOW-IE, mar chuid den líonra WOW domhanda, áit ar féidir leis an bpobal líonra domhanda breathnuithe aimsire a fheiceáil agus sonraí óna stáisiúin aimsire a uaslódáil chuig WOW.

Tá WOW ina bhunchloch maidir le cur ar chumas líon mór daoine sonraí aimsire a chur ar fáil ar fud na Ríochta Aontaithe, ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain, a bhuí lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta. Bhí na sonraí a bailíodh trí WOW ríthábhachtach chun cruinneas na réamhaisnéise a fheabhsú, chun tacú le heolaíocht na haeráide, agus chun comhoibriú a chothú idir gairmithe agus an pobal.

Táimid thar a bheith buíoch as na sonraí luachmhara agus as an tacaíocht a chuir sibh ar fáil thar na blianta. Le linn na tréimhse aistrithe seo i dtreo scor WOW, tá Oifig Meitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe ag díriú ar  shlándáil agus cobhsaíocht an ardáin  a chothabháil chun a chinntiú  go bhfanfaidh sé  ina acmhainn shábháilte agus iontaofa do gach úsáideoir.

Nuair a dhíchoimisiúnófar WOW, ní dhéanfar aon bhreathnuithe ó stáisiúin aimsire ar léarscáil WOW-IE ná ar leathanaigh Taispeántais Sonraí a uaslódáil ná a thaispeáint ar WOW-IE, ná ar aon suíomh comhpháirtíochta WOW eile tríd an líonra WOW atá ag Oifig Meitéareolaíochta na Ríochta Aontaithe faoi láthair.

Toisc go bhfuil d’ionchur thar a bheith luachmhar, áfach, tá Met Éireann ag obair faoi láthair le comhpháirtithe Eorpacha chun réiteach malartach oiriúnach a fhiosrú chun sonraí stáisiún aimsire Met Éireann agus sonraí úinéirí stáisiún aimsire leasmhara a uaslódáil.

Déanfaimid an leathanach seo a uasdátú le tuilleadh eolais a luaithe is a bheidh sé ar fáil.

Go raibh maith agaibh arís as bhur gcuid ranníocaíochtaí agus tacaíochta luachmhara.

Íoslódálacha sonraí ó WOW: Más mian leat an fhaisnéis ó aon stáisiún aimsire a íoslódáil, a cheadaíonn íoslódáil, déan an méid sin sula ndúntar WOW. I ndiaidh dhúnadh WOW, ní bheidh daoine in ann féachaint ar aon fhaisnéis WOW atá le fáil ar wow.met.ie i láthair na huaire. Is féidir tréimhsí ama sonraí faisnéise a ghiniúint trí leathanach Féach ar Fhaisnéis Iomlán na stáisiún aimsire - táb Taispeáin Sonraí - Tréimhse - dátaí Tosaigh Deiridh - roghnaigh Scagairí - Nuashonraigh - Easpórtáil.

Failte go WOW

 

Conas WOW a Úsáid

 

Teagmháil Linn

 

Ráiteas Príobháideachta

 

Séanadh