Faisnéis ó Stáisiúin Aimsire

Is gá stáisiún aimsire a bhunú chun faisnéisí aimsire a sheoladh chuig an mbunachar WOW. Caithfidh go mbeidh an stáisún in ann nascadh le ríomhaire, micriríomhaire nó gréasán gan sreang. Tá rogha leathan stáisiún aimsire ar fáil le ceannach, go háirithe ar an idirlíon. Déanann an chuid is mó de stáisiúin teocht, frasaíocht, bogthaise, brú aeir agus gaoth a thomhas. Ligeann WOW d’úsáideoirí meascán de bhraiteoirí a uaslódáil - ní gá na braiteoirí uile a úsáid. Tabhair do d’aire i gcásanna áirithe go bhfuil scileanna ríomhaireachta áirithe ag teastáil chun suiteáil a dhéanamh. Féadfaidh pacáiste bog earraí a bheith ar fáil ón déantóir le suiteáil ar ríomhaire pearsanta nó ar ríomhaire glúine a léifidh isteach faisnéisí ón stáisiún aimsire lasmuigh. Seans go dtiocfaidh an pacáiste sin leis an stáisiún aimsire; mura dtagann, téigh i gcomhairle leis an soláthraí.

Is gá bogearraí atá comhoiriúnach le WOW a úsáid chun faisnéisí aimsire a sheoladh chuig an mbunachar WOW. Sula gceannaíonn tú é, déan seiceáil leis an déantóir gur féidir leis an stáisiún aimsire atá sé ar intinn agat a cheannach cumarsáid a dhéanamh leis na pacáistí bogearraí seo. Ní féidir le Met Éireann stáisiún aimsire a mholadh ná aon chúnamh teicniúil a chur ar fáil maidir lena úsáid. Chun uaslódáil a dhéanamh ar WOW, seans go mbeidh gá sonraí aitheantais an tSuímh Gréasáin agus Ceadchomhartha Fíordheimhniúcháin a iontráil ar na bogearraí. Beidh an t-eolas sin ar fáil nuair a chláraíonn tú ar WOW agus do stáisiún aimsire á bhunú. Tá an nasc agus an t-eolas maidir le clárú ar fáil anseo.

Bogearraí coitianta atá comhoiriúnach le WOW:

Tuilleadh eolais le fáil sa mhír ‘Tosú’