Conas WOW a úsáid

Faisnéisí Aimsire a fheiceáil

Léirítear na stáisiúin aimsire ar an léarscáil. Is iad na luachanna ‘Teocht Reatha’ ó na stáisiúin aimsire atá réamhshocraithe lena léiriú. Cuirtear slánú eolaíochta i bhfeidhm ar gach gné a léirítear ar an léarscáil, ach amháin an ráta báistí.

Is féidir 3 chineál stáisiún a fheiceáil ach na roghanna scagtha a úsáid:

  • Faisnéisí WOW - faisnéisí ó stáisiúin aimsire phríobháideacha agus faisnéisí láimhe
  • Faisnéisí Oifigiúla - stáisiúin aimsire de chuid na Seirbhíse Meitéareolaíochta Náisiúnta
  • Stáisiúin Chláraithe - stáisiúin aimsire go léir, idir stáisiúin ghníomhacha agus stáisiúin neamhghníomhacha

Ón leathanach baile, cliceáil ar na stáisiúin mar a léirítear ar an léarscáil iad nó bain leas as an bhfeidhm ‘Cuardaigh Stáisiún Aimsire’ ach ainm an stáisiúin nó sonraí aitheantais an láithreáin a úsáid. Tiocfaidh pána suas ansin ar a léirítear Achoimre ar na faisnéisí aimsire agus Réamhaisnéis na hAimsire. Trí ‘Féach an Fhaisnéis Iomlán’ a chliceáil, tiocfaidh tú ar stair na sonraí aimsire ón stáisiún áirithe sin.

Léiríonn an táb ‘Faisnéis’ liosta iomlán de na faisnéisí aimsire ón stáisiún sin.

Is féidir na sonraí a chur i gcomparáid le sonraí ó stáisiún eile ansin, e.g. stáisiún aimsire oifigiúil in aice láimhe.

Is féidir an fhaisnéis is déanaí a fheiceáil faoin táb ‘Faisnéis’.

Chun réimse faisnéisí a fheiceáil, roghnaigh an táb ‘Taispeántas Sonraí’ chun na dátaí tosaithe agus na dátaí críochnaithe a roghnú maidir leis na faisnéisí atá ag teastáil uait agus cliceáil ar ‘Nuashonraigh’. Ar an ngraf, léirítear na paraiméadair ar fad atá roghnaithe. Is féidir na paraiméadair a dhíchliceáil chun féachaint ar chuid díobh in a n-aonar.

Roghnaigh an táb ‘Taispeántas Sonraí’ chun féachaint ar an tábla liostaithe de na Faisnéisí Iomlána. Is féidir níos mó ná faisnéis taifeadta amháin teacht ó stáisiún i rith uair an chloig, mar shampla déanann Stáisiúin Aimsire Uathoibríocha Met Éireann iad féin a nuashonrú faoi dhó gach uair an chloig. Is féidir féachaint ar fhaisnéisí ar an bhformáid scarbhileoige ach cliceáil ar ‘Easpórtáil’ i ndiadh na ndátaí tosaithe agus na dátaí críochnaithe a shocrú.

Tabhair do d’aire nach gá an fheidhm ‘Cuardaigh Stáisiún Aimsire’ a úsáid ach amháin nuair a theastaíonn uait faisnéisí a lorg le haghaidh láithreach eile seachas an ceann a roghnaigh tú ar an gcéad dul síos.

Chun filleadh ar léarscáil an leathanaigh baile, cliceáil ar n lógó WOW-IE sa chúinne ag an mbarr ar chlé.

Nóta: Ní dhéanann léarscáil WOW-IE stáisiúin a lódáil i gceart ar an mbrabhsálaí Safari.

Stáisiúin Chláraithe Uile (ar feitheamh Faisnéisí)

Léirítear anseo láithreán na stáisiún aimsire uile atá cláraithe ar bhunachar WOW. Seans go léirítear cuid díobh mar spota dubh le haghaidh na tréimhse ama iarrtha mura bhfuil faisnéis curtha ar fáil acu don tréimhse áirithe sin. Ní thuairiscíonn go leor stáisiún aimsire faisnéis go ceann tamaill i ndiaidh na tréimhse uair an chloig. Bain leas as an bhfeidhm ‘Athshocraigh léarscáil’ ar bhonn rialta chun nuashonrú a fháil.

Nuashonraíonn na Stáisiúin Aimsire Uathoibríocha Met Éireann ar an léarscáil thart ar 10 nóiméad tar éis na huaire agus arís ag 40 nóiméad tar éis na huaire. Is stáisiúin ghníomhacha iad an chuid is mó de stáisiúin ach tabhair do d’aire go bhféadfadh stáisiúin áirithe a bheith ina stáisiúin neamhghníomhacha.

Ráta Báistí

Is éard atá i gceist leis seo ná uaslíon na báistí atá tar éis titim ag stáisiún i nóiméad amháin le linn na huaire sin arna iolrú faoi 60 chun ráta san uair a fháil. Ní thuairiscítear luachanna atá níos ísle ná an tairseach.

Stáisiúin Aimsire Uathoibríocha agus Stáisiúin Aeráide Uathoibríocha de chuid Met Éireann

Léirítear ar WOW-IE na faisnéisí ó Stáisiúin Aimsire Uathoibríocha agus Stáisiúin Aeráide Uathoibríocha de chuid Met Éireann. Is ó na tuarascálacha leath uair an chloig ó gach ceann de na stáisiúin sin a thagann na luachanna ar an léarscáil. Cliceáil ar ‘Féach an fhaisnéis iomlán - Taispeántas Sonraí’ chun tuilleadh faisnéisí loma a fháil.

Léiríonn na gnéithe difriúla - Teocht, Luas na Gaoithe/Treo na Gaoithe agus Bogthaise - an meánluach don 10 nóiméad deireanach i ngach tuarascáil; tugaimid ‘meán an 10 nóiméad’ air sin. Is éard atá i luach na Báistí ná an méid is mó báistí a thit i dtréimhse 1-nóiméad (mm) mar a luaitear é sa tuarascáil leath uair an chloig, arna iolrú faoi 60 chun an ráta san uair (mm/uair) a fháil. Léiríonn an luach maidir le Carnadh Báistí an bháisteach charntha ó athshocraíodh an t-aonad sin. Léirítear é sin sa mhír ‘Tréithe an Láithreáin - Uaireannta Tuairiscithe’ maidir leis an leathanach ‘Féach an fhaisnéis iomlán’ i ndáil le gach stáisiún ar leith. Is éard atá sa luach ‘Brú’ ón Stáisiún Aimsire Uathoibríoch ná an luach deireanach a taifeadadh maidir le brú (ag airde an stáisiún) i ngach tuarascáil.