Tréithe an Láithreáin

Ligeann WOW d’úsáideoirí sonraí a chur ar fáil maidir le roinnt tréithe a chabhraíonn le húsáideoirí eile WOW agus an Oifig Meitéareolaíochta an timpeallacht máguaird a thuiscint. Tiomsaítear na tréithe sin bunaithe ar scéimeanna grádaithe láithreán arna n-úsáid ag Nasc na mBreathnóirí Clíomeolaíochta, an Eagraíocht Meitéareolaíochta Dhomhanda agus an Oifig Meitéareolaíochta.

  • Oscailteacht
  • Tomhais ar theocht aeir
  • Tomhais ar bháisteach
  • Tomhais ar ghaoth
  • Limistéar Aeráide Uirbigh
  • Uaireanta Tuairiscithe

Úsáidtear Tréithe an Láithreáin seo chun Rátáil an Láithreáin a ríomh

Oscailteacht

  • 5: Oscailteacht an-fhairsing ar fad: gan bac ar bith laistigh de 10a nó níos mó de na gléasanna teochta nó báistí.
  • 4: Oscailteacht fhairsing: an chuid is mó de bhaic/foirgnimh théite 5a nó níos mó ó na gléasanna báistí; gan bac ar bith laistigh de 2a.
  • 3: Gnáthoscailteacht: gan aon bhac suntasach nó foirgneamh téite laistigh de 2a de ghléasanna teochta ná gléasanna báistí.
  • 2: Oscailteacht srianta: an chuid is mó de bhaic/foirgnimh théite >2a nó níos mó ó na gléasanna báistí; gan bac ar bith laistigh de 1a.
  • 1: Oscailteacht chosanta: baic shuntasacha nó foirgneamh téite laistigh de 1a de ghléasanna teochta ná gléasanna báistí.
  • 0: Oscailteacht an-chosanta ar fad: cuireann baic ar an láithreán nó oscailteacht na braiteoirí isteach go mór ar an oscailteacht don ghrian, don ghaoth, don bháisteach.
  • D: Láithreán Dín: Nuair is féidir, ba cheart láithreáin ar díon a sheachaint le haghaidh braiteoirí teochta agus báistí.
  • T: Láithreán Tráchta: trealamh suite in aice le mórbhealach poiblí
  • U: Oscailteacht anaithnid nó gan a bheith luaite.

Baineann na rátálacha oscailteachta le láithreán na ngléasanna teochta agus báistí amháin agus b’fhearr iad a bheith ag leibhéal na talún. Is fearr braiteoirí le haghaidh na gréine agus luas na gaoithe, etc. a lonnú in áit chomh hoscailte agus is féidir agus b’fhearr iad a chur ar díon nó ar chrann más féidir.

Tá na treoirlínte maidir le hoscailteacht bunaithe ar iolrú d’airde (a) an bhaic os cionn an bhraiteora; is éard atá sa chaighdeán ná achar íosta den airde X 2. Mar sin, i gcás méadair baistí ag 30cm os cionn na talún, ba cheart d’fhoirgneamh atá 5m ar airde a bheith 9.4m ar a laghad (5m lúide O.3m, x 2), agus ba cheart d’fhoirgneamh atá 10m ar airde a bheith 17m ar a laghad ó scáileán teirmiméadair (10m lúide 1.5m, x 2)

Tomhais ar theocht aeir

  • A: Gléasanna caighdeánacha ar a bhfuil Scáileán Stevenson, calabraithe laistigh de 10 mbliana; rátáil íosta na hoscailteachta = 3.
  • B: Gléasanna caighdeánacha ar a bhfuil Scáileán Stevenson nó scáileán radaíochta ar Stáisiún Aimsire Uathoibríoch arna chur ar fáil ag an déantóir, calabraithe laistigh de 10 mbliana; oscailteacht an láithreáin = 2 agus 3.
  • C: Gléasanna caighdeánacha ar a bhfuil Scáileán Stevenson nó scáileán radaíochta ar Stáisiún Aimsire Uathoibríoch arna chur ar fáil ag an déantóir, oscailteacht an láithreáin = 1 nó níos ísle.
  • D: Gléasanna neamhchaighdeánacha agus/nó scáileán radaíochta neamhchaighdeánach agus/nó láithreán cosanta, oscailteacht an láithreáin = 1 nó níos ísle.
  • U: Gléasanna anaithnid nó gan a bheith luaite.
  • 0: Ní dhéantar teocht an aeir a thomhas ag an láithreán seo.

Sa chomhthéacs seo, is éard atá i gceist le GLÉASANNA CAIGHDEÁNACHA ná: Teirmiméadair mearcair i ngloine arna gcalabrú nó braiteoirí teochta leictreonacha arna gcalabrú.

Tomhais ar bháisteach

  • A: Méadar báistí caighdeánach “cúig orlach” a léitear de láimh nó méadar báistí calabraithe ar a bhfuil buicéad claochlaithe, ag an airde caighdeánach os cionn na talún (30cm), rátáil íosta na hoscailteachta = 3.
  • B: Méadar báistí caighdeánach “cúig orlach” a léitear de láimh nó méadar báistí calabraithe ar a bhfuil buicéad claochlaithe, agus an sceimheal ag an airde caighdeánach os cionn na talún (30cm), rátáil íosta na hoscailteachta = 2 nó 3.
  • C: Méadar báistí caighdeánach “cúig orlach” a léitear de láimh nó méadar báistí ar a bhfuil buicéad claochlaithe, agus an sceimheal ag an airde caighdeánach os cionn na talún (30cm), oscailteacht = 1 nó níos ísle.
  • D: Méadar báistí neamhchaighdeánach agus/nó méadar báistí ar a bhfuil buicéad claochlaithe, oscailteacht = 1 nó níos lú.
  • U: Gléasanna anaithnid nó gan a bheith luaite.
  • 0: Ní dhéantar báisteach a thomhas ag an láithreán seo.

Sa chomhthéacs seo, is éard atá i gceist le GLÉASANNA CAIGHDEÁNACHA ná: Méadar báistí patrún-chaighdeánach (patrún Snowdon nó Oifig Meitéareolaíoch Mk II) ''cúig-orlach'', tonnadóir domhain, sceimheal an mhéadair báistí suite ag 30cm os cionn leibhéal na talún, ag déanamh riachtanas íosta na hoscailteachta a chomhlíonadh, i.e. ar a laghad airde an bhaic X 2 amach ón mbac.

Tomhais ar ghaoth

  • A: Braiteoirí gaoithe calabraithe laistigh de 10 mbliana, suite 10m os cionn na talún ar chrann nó ar chuaille, gan bac ar bith laistigh de 100m.
  • B: Braiteoirí gaoithe suite os cionn na talún ar chrann nó ar chuaille, gan bac ar bith laistigh de 50m.
  • C: Braiteoirí gaoithe suite ar fhoirgneamh nó ar bhalla.
  • U: Gléasanna anaithnid nó gan a bheith luaite.
  • 0: Ní dhéantar an ghaoth a thomhas ag an láithreán seo.

Innéacs Limistéir Aeráide Uirbigh

  • 1: Zón uirbeach atá an-fhorbartha ina bhfuil foirgnimh ardéirí scoite cóngarach dá chéile agus cumhdra orthu, e.g. túir an ghnócheantair.
  • 2: Zón uirbeach thar a bheith forbartha ina bhfuil foirgnimh 2 - 5 stór, ceangailte lena chéile nó an-chóngarach dá chéile, déanta as brící nó cloch go minic, e.g. seanlár na cathrach.
  • 3: Zón uirbeach, an-fhorbartha, meándlúis le tithe sraithe nó tithe scoite, siopaí & árasáin an-chóngarach dá chéile e’g’ tithíocht uirbeach
  • 4: Zón uirbeach an-fhorbartha, dlús íseal ina bhfuil foirgnimh mhóra ísle & páirceáil phábháilte, e.g. meal siopadóireachta, trádstórais.
  • 5: Forbairt mheánach, dlús íseal bruachbhailteach ina bhfuil tithe 1 nó 2 stór, e.g. tithíocht bhruachbhailteach.
  • 6: Úsáid mheasctha ina bhfuil foirgnimh mhóra i dtírdhreach oscailte, e.g. Institiúidí amhail ospidéal, ollscoil, aerfort.
  • 7: Forbairt leath-thuaithe ina bhfuil tithe scaipthe i gceantar nádúrtha nó talmhaíochta , e.g. feirmeacha, eastáit.
  • U: Limistéir Aeráide Uirbigh anaithnid nó gan a bheith luaite.

Tuairiscí maidir le Limistéir Aeráide Uirbigh mar a shainmhíníonn an Eagraíocht Meitéareolaíocht Dhomhanda iad (WMO-No.8, Eagrán 8)

Uaireanta Tuairiscithe

  • A: Beidh sé mar aidhm i gcónaí tuairisc aimsire a chur ar fáil ar 09:00 ACG. Baineann luachanna teochta agus báistí laethúla leis an tréimhse chaighdeánach 24 uair an chloig ó mhaidin go maidin.
  • B: Beidh sé mar aidhm i gcónaí tuairisc aimsire a chur ar fáil idir 06:00 agus 09:00 ACG. Baineann luachanna teochta agus báistí laethúla leis an tréimhse chaighdeánach 24 uair an chloig ó mhaidin go maidin.
  • C: Baineann luachanna teochta agus báistí laethúla leis an tréimhse chaighdeánach 24 uair an chloig ó mheán-oíche go meán-oíche. Is é seo an réamhshocrú le haghaidh an chuid is mó de stáisiúin aimsire uathoibríocha.
  • D: Tá críoch-am an teochta aeir agus na báistí difriúil ná mar atá luaite ag A, B nó C thuas, nó ní bhaineann na luachanna is airde nó is ísle le tréimhsí 24 uair an chloig.
  • U: Uaireanta tuairiscithe anaithnid nó gan a bheith luaite.

Mar a ríomhtar rátálacha an láithreáin

Bronntar ‘rátáil láithreáin’ go huathoibríoch ar gach láithreán, bunaithe ar thréithe an láithreáin a iontráiltear nuair a cláraíodh an láithreán. Tá an córas bunaithe ar cháilíocht agus oscailteacht na sonraí teochta agus báistí:

5* = O5, T=A, B=A

4* = O>= 3, T=A, B=A

3* = O >= 3, T[=A,B nó C], B[=A,B nó C]

2* = O >= 1, T[=Méid ar bith], B[=Méid ar bith]

1* = O =0,1, D nó U, T[=Méid ar bith], B[=Méid ar bith]

(I gcás go bhfuil O= Oscailteacht, T = Teocht, agus B = Báisteach, agus tá cur síos déanta ar gach ceann díobh seo thuas).

Má thomhaistear teocht ag láithreán, gan báisteach a thomhas, beidh rátáil an láithreáin bunaithe ar cháilíocht agus oscailteacht an sonraí teochta amháin. Má thomhaistear báisteach ag láithreáin, gan teocht a thomhas, beidh rátáil an láithreáin bunaithe ar cháilíocht agus oscailteacht an sonraí báistí amháin.

Mura dtugtar sonraí maidir le teocht ná báisteach, rangófar an láithreáin ag 1*